Banc Iosraelipe033afiad.hiotat
Banc ceannais Iosrael is ea Banc Iosrael (Eabhrais: בנק ישראל Araibis: بنك إسرائيل) atá suite i Kiryat HaMemshala i Iarúsailéim, le hoifig brainse i dTel Aviv. Is é an tUasal Stanley Fischer rialtóir reatha an bhainc.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a dearbhaíodh neamhspleáchas Iosrael sa bhliain 1948, bhí an chumhacht le haghaidh nótaí a eisiúint ag an Banc Angla-Palaistíneach, a bhí athfhódaithe mar an Banc Leumi sa bhliain 1950. Bhí beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta fós á rialú ag an Aireacht Airgeadais. Bunaíodh Banc Iosrael ar 24 Lúnasa, 1954, nuair a rith an Knesset Acht Bhanc Iosrael, a thug eisiúint airgeadra agus feidhmeanna rialála ón Aireacht Airgeadais chun an Bhainc nua-bhunaithe. Níor thugadh rialú ar mhalartú airgeadra eachtrach don bhanc go dtí 1978. Rinneadh an Banc iomlán neamhspleách sa bhliain 1985 agus ón bhliain 1992, bainistíonn an Banc a bheartas airgeadaíochta chun freastal ar an sprioc boilscithe a bhíonn leagtha síos ag rialtas Iosrael - sé sin, i raon idir 1 agus 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana, a meastar mar cobhsaíocht praghsanna. Ina theannta sin, bainistíonn an Banc na Cúlchistí Malairte Eachtraí.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Bank of Israel |
- Banc na Iosrael